Tallaght Partnership
Fúinn
Is comhlacht áitiúil forbartha é Comhpháirtíocht Thamhlacht a bunaíodh i 1991 le tabhairt faoi bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta i dTamhlacht. Comhoibrímid le daoine a chonaíonn i dTamhlacht, le grúpaí pobail agus le gníomhaireachtaí reachtúla le déileáil le ceisteanna amhail luathfhágáil scoile, dífhostaíocht, saoránacht ghníomhach, teaghlaigh le deacrachtaí agus cúram leanaí pobail.

Is é an príomhchur chuige dár gcuid oibre @link to Our work@ dóigheanna nua a aithint le déileáil le ceisteanna, na páirtithe ábhartha go léir a thionól thart ar an tabla agus tionscadal píolótach a fhorbairt, a thástáil agus triail a bhaint as.  Is é an cuspóir tionscadail rathúla a phríomhshruthú agus iad a chur faoi fhreagracht an tsoláthraí chuí seirbhísí poiblí. Is é ról s’againne, spás neodrach a nasc, a chomhordú agus a sholáthar d’eagrais le comhoibriú le chéile.
 
Tallagh Partnership